• Fáilte-Welcome
  • Cuspóirí-Goals
  • Stair-History
  • Ballraíocht-Membership
  • Déanmhas-Structure
  • Teagmháil-Contact

DÉANMHAS CHUMANN CARAD NA GAEILGE
STRUCTURE OF THE PHILO-CELTIC SOCIETY



Ballraíocht ag dul ar aghaidh ó 19 Nollaig 2005:



D'aontaíomar an rún seo: "Beidh dhá leibhéal ballraíochta:


'Ballraíocht Mheithle' (baill a oibríonn ar choistí ár gCumainn nó mar oifigigh ár gCumainn agus atá i n-ann gnó ár gCumainn a dhéanamh trí mheán na Gaeilge) agus "Ballraíocht Idirnáisiúnta" (baill a thugann taca eile don gCumann). Is féidir le Baill Mheithle agus Baill Idirnáisiúnta teacht ó aon áit ar fud an domhain. Beidh ceart vótála ag Baill Mheithle ach ní ag Baill Idirnáisiúnta."



Clár Oifigeach agus a bhFreagrachtaí Aontaithe ar 15 Nollaig 2020 agus ar 7 Bealtaine 2022:


I dtaobh ár n-eagraíochta agus a forbartha:


* Ár Múinteoirí na Gaeilge.


* Eagarthóir, An Gael.


* Máistir an Idirlín. Tá an t-oifigeach seo freagrach as ár suíomh idirlín a choimeád suas go dáta, ag smaoineamh ar straitéisí chun ár gcuspóirí a chur ar aghaidh, á moladh don Mheitheal, agus ag obair le baill eile ár Meithle chun ár roghanna a chur i bhfeidhm.


* Rúnaí Poiblíochta. Tá an t-oifigeach seo freagrach as forbairt poiblíochta agus straitéisí chun ár gcuspóirí, ár ngníomhaíochtaí, ár ranganna, agus ár n-iris a chur ar aghaidh.


* Rúnaí Ballraíochta. Tá an t-oifigeach seo freagrach as Baill Idirnáisiúnta agus Baill Mheithle a earcú agus as straitéisí a chur i bhfeidhm chun é sin a dhéanamh.


* Rúnaí Ábhair Scoile. Tá an t-oifigeach seo freagrach as múinteoirí a earcú agus as straitéisí a fhorbairt chun múineadh is éifeachtaí a chur i bhfeidhm.


* Rúnaí Taifeadta 7 Staraí. Tá an t-oifigeach seo freagrach as nóiméadaí ár gcruinnithe a scríobh chun stair ár gCumainn a choimeád. Oibríonn an t-oifigeach seo le Máistir an Idirlín chun na taifid seo a chur ar ár suíomh idirlín.


* Rúnaí Comhfhreagrais. Tá an t-oifigeach seo freagrach as comhfhreagras le heagraíochtaí eile ar fud an domhain.


* Rúnaí um Chearta Teanga. Tá an t-oifigeach seo freagrach as cásanna a shainaithint in Éirinn ina mbíonn cearta teanga agus sibhialta na nGael á sárú. Is féidir leis an oifigeach seo an fhaisnéis seo a fháil go furasta ó bhunfhoinsí poiblí mar https://tuairisc.ie/ , https://www.coimisineir.ie/ , Rúnaí Teanga Chonradh na Gaeilge, agus araile. Leis an bhfaisnéis seo bailithe, is féidir lenár Rúnaí Poiblíochta agus Rúnaí Comhfhreagrais a oibriú chun brú idirnáisiúnta a tharraingt le chéile chun stad a chur leis na sáraithe sin. Oibreoidh an t-oifigeach seo is minice lenár Rúnaí Poiblíochta agus Rúnaí Comhfhreagrais.


* Leas-Chathaoirleach. Tá an t-oifigeach seo freagrach as smaoineamh ar straitéisí chun ár gcuspóirí a chur ar aghaidh, á moladh don Mheitheal, ag gníomhú mar Chathaoirleach nuair a bhíonn an Cathaoirleach as láthair, agus ag obair le baill eile ár Meithle chun ár gcuspóirí a chomhlíonadh.


* Cathaoirleach. Tá an t-oifigeach seo freagrach as eagrú chruinnithe na Meithle gach mí, ag freastal mar Chathaoirleach i gcruinnithe na Meithle, ag smaoineamh ar straitéisí chun ár gcuspóirí a chur ar aghaidh, agus ag obair le baill eile ár Meithle chun ár gcuspóirí a chomhlíonadh.



Membership Going Forward From December 19, 2005:


We agreed this resolution: "There will be two levels of membership:


'Meitheal Membership' (members who work on committees of our Society or as officers of our Society and who are able to do the business of our Society through the medium of Irish) and "International Membership" (members who provide other support to the Society). Meitheal Members and International Members can come from anywhere in the world. Meitheal Members will have the right to vote but International Members will not."


List Of Officers & Their Responsibilities Agreed on December 15, 2020 and May 7, 2022:


Related to our organization and its development:


* Our Irish Language Teachers.


* Editor, An Gael magazine.


* Webmaster.







* Publicity Secretary.





* Membership Secretary.





* Curriculum Secretary.





* Recording Secretary & Historian.






* Correspondence Secretary.




* Secretary for Language Rights.














* Vice-Chair.








* Chair.




FEATURED PROJECTS



Ranganna Saora / Free Classes





Ár n-iris AN GAEL / Our magazine AN GAEL





Foghraíocht / Phonetics





Cumann Carad na Gaeilge / The Philo-Celtic Society
-- Copyright 2004 to present. All Rights Reserved.--